Tuesday 1 March 2016

Lá leis na Lochlannaigh

 Leabhar do pháistí atá againn anseo ó Mháire Zepf. Cois Life a d'fhoilsigh. Tá sé ar fáil ANSEO agus tá an chéad chaibidil ar fáil saor in aisce mar pdf ANSEO. Scéal a ritheann agus a chasann go gasta atá ann, faoi bheirt pháiste a bhogann go draíochtúil tríd an am go dtí aimsir na Lochlannach. Tá scéal daonna, insuime ag rith tríd an leabhar ach nósanna agus saol na Lochlannach fite fuaite tríd an iomlán.

Ar nós leabhair eile de chuid Cois Life  tá an déantúsaíocht fhisiciúil den leabhar clóite tarrantach, téagartha. Ní thitfidh an leabhar seo as a chéile i ndiaidh bliana sa seomra ranga - rud atá tábhachtach do scoil.
Is ar scoil a bhí mé ag síorsmaoineamh agus mé ag léamh an leabhair. Bíodh is go bhfuil an-chur síos agus an-scéal faoin bhulaíocht ag sníomh tríd an leabhar, tá níos mó béime ar an chur amach ar nósmhaireachtaí na Lochlannach ná ar na carachtair, bíodh is go bhfuil siad seo beo agus bríomhar. B'fhearr liom féin níos lú den bhéim ar ghnéithe den stair agus a thuilleadh scéalaíochta faoin triúr páiste a ritheann agus a léimeann tríd na leathanaigh.
 Bhí an cailín Lochlannach ag inse rudaí don bheirt pháiste 'nua-aimseartha' nuair nár cuireadh ceist uirthi - cén rud é go díreach 'saor beann', gur bandia í Freya. B'fhearr ceistiú agus comhrá ó na páistí eile leis seo a chíoradh amach ar dhóigh níos nádúrtha. Chuir sé seo isteach ar an scéalaíocht agus tháinig guth an teagaisc tríd, seachas an guth scéalaíochta a bhí in uachtar sa chuid eile den leabhar. Seans gur cheart iad seo a réiteach ach am a thabhairt don lamhscríbhinn 'fiuchadh' i meon an údair, mar is léir gur shocraigh an claonadh seo síos i ndiaidh an chéad chúpla caibidil.


Ba bhreá liom gluais SeanLochlannais-Gaeilge a fheiceáil mar iarmhír, nó nasc chuig ceann ar líne. Bhí roinnt Lochlannaise (?) istigh sa téacs agus bíodh is go raibh barúil againn cén rud a bhí i gceist, cuirfidh an easpa gluaise seo mearbhall ar roinnt páistí - iad siúd atá ag iarraidh an dubh bheith ina dhubh agus sin sin. Beidh a leithéid de pháiste cráite ag an éiginnteacht go dtí go n-aimseoidh siad na frásaí le Google.
Mar an gcéanna, bhí bonn i gceist ag pointe amháin. 'Punt nó euro.'  Bhain an rud beag bídeach sin tuisle eile asam sa léitheoireacht. An punt nó an euro a thoghadh agus cloí leis, b'fhéidir?

Deir an clúdach gur le haghaidh aoisghrúpa 9+ é ach samhlaím páistí níos óige ná sin chomh maith, agus mé á léamh. Méid an chló, líon na bhfocal, 8+. Ach tabharfaidh mé mo chóipse do na cailíní béal dorais agus gheobhaidh mé a mbarúil siúd air sin.

Seo é an dara leabhar i sraith ó Mháire Zepf, sraith  a mheasaim a chlúdós go leor réimsí staire amach anseo.  Tá sé fíordheacair leabhar fíorshimplí a scríobh go héifeachtach. Ach tá an-iarracht anseo. Rithim agus luas maith ann, agus coincheap intuigthe ag páistí taobh thiar de. Tá cúpla rud le réiteach ach is mionghnéithe iad siúd. Ta mé ag súil go mór leis an tríú ceann. Bulaí mná.

Uasdátú 7/3/16: Thaitin an leabhar go mór le Alannah béal dorais (10). Léigh sí é in aon slam amháin agus ba mhaith léi an chéad cheann eile a léamh, a Mháire Zepf. Anois.

1 comment:

  1. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete