Sunday 30 October 2016

10 nAithne don scríobh




Níl mé á rá go gcloím go docht leis na rialacha seo, ach bíonn siad i mo cheann i gcónaí. Seo thíos comhairle a chonaic mé ag go leor scríbhneoirí in go leor áit ar an idirlíon agus i leabhair.


  1. Bí ag léamh. Léigh go fras, go scioptha, go domhain. Léigh.
  2. Ná bí ag fanacht ar 'ionspioráid'. Bí ag scríobh, is cuma cé chomh holc nó chomh truamhéileach é. Is féidir a chaitheamh amach nó a athscríobh ar ball.
  3. In amanna, bímid ag streachailt leis na focail. Má tá barraíocht de dhúshlán ann an leathanach iomlán a líonadh, tosaigh ag cur síos ar a bhfuil os comhair do dhá shúl ag an nóiméad sin, nó bí ag cur síos ar chuimhne, nó ar dhuine i do shaol.
  4. Ná bí buartha nach bhfuil an méid a scríobhann tú maith go leor, lean leat agus cuir an peann ar an phár, an méar ar an mhéarchlár.
  5. Muna bhfuil agat ach ceathrú uair a' chloig gach lá, bí ag scríobh i rith an cheathrú uaire sin.
  6. Athscríobh rud éigin atá scríofa i bpearsa ar leith (1ú, 2a, 3ú) i bpearsa eile go bhfeice tú an ngineann sé aon rud nua. Is fiú tosú leis an chéad phearsa chun carachtar fírinneach a chruthú agus bogadh go dtí an tríú pearsa chun doimhneas a chur leis an phearsa sin.
  7. Bain triail as rudaí a léamh nach léann tú de ghnáth. Má léann tú filíocht de ghnáth, léigh prós; má léann tú leabhair eolaíochta de ghnáth, léigh ficsean, má léann tú úrscéil do dhaoine fásta, bain triail as prós do dhéagóirí.
  8. Bain triail as an áit fhisiciúil ina scríobhann tú a athrú - ó chaife go deasc, ó dheasc go dtí an gáirdín, ón gháirdín go dtí an tolg. Go minic, is i lár caife le callán agus glórtha thart orainn is fearr a scríobhaimid, agus in amanna eile dár saol is ciúnas agus nead beag a bhíonn de dhíth orainn.
  9. Seans go mbeidh ort an chéad chaibidil a chaitheamh amach, nó an chéad chúig leathanach, nó an chéad alt. Sin sin. Déan é. Is minic a scríobhaimid píosa gairid i saotharlann a ghineann píosa fada ina dhiaidh. Ach ansin tuigimid gur gá an chéad phíosa, an píosa is ansa linn, ar chuir muid ár dtaithí saoil agus ár gcroí isteach ann, gur gá é sin a ghearradh amach.
  10. Níl aon am 'ceart' le tosú... tosaigh anois.